BEARTAS COMHSHAOIL
Tá eitiltí sceidealta dhá uair sa lá go Baile Átha Cliath a réachtáil ag Aerfort Dhún na nGall, le naisc ar aghaidh ó sin ar fud na cruinne. Fuaireamar aitheantas as an tuirlingt is áille ar an domhan don tríú bliain sa bhliain 2020 agus tá suíomhanna cosanta Natura 2000 timpeall ár n-aerfort agus tá trá le Brat Gorm ann chomh maith. Táimid tiomanta an radharcra nádúrtha gan mhilleadh agus an oidhreacht nádúrtha seo a chosaint.
Mar is amhlaidh le gach eagraíocht, aithnímid go mbíonn tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol i gceist lenár ngníomhaíochtaí. Tá sé mar aidhm againn iad seo a íoslaghdú trí;
An dlí comhshaoil a chomhlíonadh
Ár bhfeidhmíocht chomhshaoil a thomhas agus monatóireacht a dhéanamh air
Ag iarraidh go gníomhach ár bhfeidhmíocht a fheabhsú go leanúnach
An riosca truaillithe ónár n-oibríochtaí a íoslaghdú
Ár soláthraithe, custaiméirí agus páirtithe leasmhara eile a spreagadh leis an rud céanna a dhéanamh
Léirítear é seo inár dtiomantas do Dheimhniú Comhshaoil.
Eascraíonn na tionchair dhíreacha comhshaoil is suntasaí ón leictreachas agus an ola a úsaideann muid. Chun go n-íoslaghdófar seo, déanann muid cinnte go bhfuil an trealamh agus soilsiú ag feidhmiú nuair is gá amháin, agus go mbeidh soilsithe LED in úsáid ar fud an t-áitreabh.
Déanaimid monatóireacht go rialta ar ár n-úsáid leictreachais, ola agus uisce. Oibrímid córas deighilte lena chinntiú go ndéantar ár ndramhaíl a athchúrsáil nuair is féidir agus go ndéantar dramhaíl líonta talún a íoslaghdú.
Tá sé mar aidhm againn inár ngníomhaíochtaí uilig a bheith inár mball freagrach den phobal a ndéanaimid freastal air maidir leis an gcomhshaol.